Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Fiafraigh dínn

Déanaimid ár ndícheall a bheith trédhearcach, inrochtana agus intuigthe do gach saoránach

Is sinne banc ceannais an limistéir euro agus freastalaímid thart ar 350 milliún Eorpach. Oibrímid chun praghsanna cobhsaí a choimeád agus cabhrú le bainc a choinneáil sábháilte agus slán.

Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil fúinne, faoin méid a dhéanaimid, agus faoin gcaoi a dtéann sé i bhfeidhm ort? Cliceáil ar aon cheann de na topaicí thíos chun teacht ar fhreagraí na ceisteanna is coitianta, nó téigh go bun an leathanaigh chun do cheist féin a chur orainn!

Eolas faoin mBanc Ceannais Eorpach

Cad é an Banc Ceannais Eorpach?

Is é an Banc Ceannais Eorpach (BCE) banc ceannais an limistéir euro. Is é an príomhchuspóir atá againn praghsanna cobhsaí a choinneáil, agus déanaimid é go príomha trí mheán rátaí úis iomchuí a shocrú.

Is sinne atá freagrach as bainc a mhaoirsiú laistigh de chreat an tSásra Maoirseachta Aonair (SMA).

Míniú: Cad is banc ceannais ann? An Banc Ceannais agus an tEurochóras mínithe i dtrí nóiméad Míniú i dtrí nóiméad ar SMA

Tá an trédhearcacht, an neamhspleáchas agus an chuntasacht mar bhunphrionsabail againn agus sinn i mbun na hoibre sin.

Míniú: Cén fáth a bhfuil an Banc Ceannais Eorpach neamhspleách? Míniú ón mBanc Ceannais Eorpach: cuntasacht
Cén teanga a labhraítear sa Bhanc Ceannais Eorpach?

Tá 24 theanga oifigiúla ann san Aontas Eorpach faoi láthair agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn in aon cheann acu. Braitheann na teangacha a úsáidimid chun cumarsáid a dhéanamh ar na daoine a bhfuilimid ag díriú orthu agus ar chúinsí eile. Foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach gníomhartha dlí i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais, agus is é an Béarla an teanga oibre atá aige.

Beartas teanga an tsuímh gréasáin seo
Cé leis an Banc Ceannais Eorpach?

Is leis na bainc cheannais náisiúnta uile i dtíortha an Aontais Eorpaigh é an Banc Ceannais Eorpach. Léiríonn an sciar atá ag gach tír de chaipteal an Bhainc Ceannais Eorpaigh lena daonra agus lena holltáirgeacht intíre (OTI) a bhfuil ualú comhionann ag an dá cheanna acu. Ina theannta sin, na tíortha AE sin a úsáideann an euro, íocann siadsan níos mó ó thaobh caipitil de ná na tíortha nach n-úsáideann é. Tá an meascán tosca sin ina mbunús le scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE. Cinntear an méid a íocann gach banc ceannais náisiúnta bunaithe air sin.

Míniú: Cé leis an Banc Ceannais Eorpach?
An ndéanann an Banc Ceannais Eorpach brabús agus an dtabhaíonn sé caillteanais?

Déanann an Banc Ceannais Eorpach brabúis agus tabhaíonn sé caillteanais, fearacht institiúidí eile. Déantar glanbhrabúis agus glanchaillteanais an Bhainc Ceannais Eorpaigh a chomhroinnt ar bhainc cheannais náisiúnta an limistéir euro. I Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, luaitear go bhféadfar oiread agus 20% den bhrabús a choimeád i gcúlchiste agus go ndéanfar an brabús a fhágfar a dháileadh ar bhainc cheannais náisiúnta an limistéir euro i gcomhréir lena scaireanna láníoctha. Is féidir aon chaillteanas a fhritháireamh in aghaidh na gcúlchistí ginearálta, in aghaidh a ioncaim don bhliain nó in aghaidh na méideanna arna leithdháileadh ar gach banc ceannais.

Míniú: Brabúis agus caillteanais an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus na mbanc ceannais náisiúnta: cárb as a dtagann siad?

Beartas airgeadaíochta

Cad é beartas airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh?

Cuimsíonn beartas airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh gach beart a dhéantar chun tionchar a imirt ar chostas iasachta chun ár gcuspóir um chobhsaíocht praghsanna a bhaint amach. Is iad príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ár bpríomhuirlis beartais airgeadaíochta. Aon athrú a dhéantar ar na rátaí sin, bíonn tionchar aige ar rátaí úis ar gheilleagar an limistéir euro, lena n-áirítear na rátaí a dtugann bainc thráchtála airgead ar iasacht do dhaoine agus do ghnólachtaí. Bíonn tionchar ag na hathruithe ráta sin ar éileamh earraí agus seirbhísí, rud a bhfuil tionchar acu ar bhoilsciú - le haga moille. Más gá, is féidir linn uirlisí eile a úsáid chun cabhrú linn ár bpríomhchuspóir, is í sin an chobhsaíocht praghsanna, a bhaint amach.

Cinntí beartais airgeadaíochta le déanaí Ár gcuspóir cobhsaíochta praghsanna agus an t-athbhreithniú straitéise Míniú: Cad is beartas airgeadaíochta ann?
Cén fáth a bhfuil cobhsaíocht praghsanna tábhachtach?

Is í an chobhsaíocht praghsanna príomhchuspóir an Bhainc Ceannais Eorpaigh amhail a leagtar amach in Airteagal 127 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Measann an BCE gur fearr a chothaítear cobhsaíocht praghsanna nuair a dhéantar iarracht boilsciú ag leibhéal 2% a bhaint amach, mar a thomhaistear é san Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT), sa mheántéarma.

Spreagann praghsanna cobhsaí cuideachtaí le hinfheistíocht a dhéanamh agus é a dhéanamh níos éasca do dhaoine a gcaiteachas a phleanáil. Coimeádtar muinín as an euro freisin toisc gur fhanann an méid céanna earraí agus seirbhísí a cheannach le suim áirithe euro seasmhach.

Míniú: Cén fáth a bhfuil praghsanna cobhsaí tábhachtach? Cén fáth gurb é 2% ár sprioc bhoilscithe?
Cén tomhas a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chobhsaíocht praghsanna?

Chun cobhsaíocht praghsanna a choinneáil go héifeachtach, teastaíonn tomhas iontaofa boilscithe uainn. Chun é sin a fháil, breathnaímid ar na praghsanna atá ar na céadta earraí ar ghnách le daoine airgead a chaitheamh orthu, lena n-áirítear earraí amhail bia, éadaí nó fuinneamh agus seirbhísí amhail pleananna fón póca, ticéid traenach agus tithíocht ar cíos. Tugann na costais seo go léir le chéile léargas dúinn ar an méid atá praghsanna ag athrú sa gheilleagar ar an iomlán.

Is é an tInnéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT), a mheasaimid a bheith ar an mbeart is iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar bhoilsciú praghsanna do thomhaltóirí, is é sin le rá, athruithe ar phraghsanna earraí agus seirbhísí tomhaltais arna gceannach ag teaghlaigh sa limistéar euro.

Is innéacs “comhchuibhithe” é toisc go n-úsáideann gach tír AE an mhodheolaíocht chéanna. Cinntíonn sé sin gur féidir sonraí i dtír amháin a chur i gcomparáid le sonraí i dtír eile. 

Cuireann Eurostat agus institiúidí staidrimh náisiúnta ICPT modhanna comhchuibhithe staidrimh i bhfeidhm.

Tomhas boilscithe agus athbhreithniú straitéise
Cén fáth ar laghdaíomar rátaí úis?

Anois agus boilsciú níos gaire dár sprioc 2%, tá ár rátaí úis laghdaithe againn, ach coinneoimid iad ar leibhéil a chinntíonn go bhfillfidh boilsciú ar sprioc agus go bhfanfaidh sé ann. Tá sé sin fíorthábhachtach toisc go gcruthaíonn boilsciú ard saol deacair do dhaoine agus do ghnólachtaí.

Míniú: Tá rátaí úis laghdaithe againn. Cén fáth a ndearnamar é seo agus céard a chiallaíonn sé duitse?
Cén fáth a bhfuil na rátaí úis fós ard?

Is é an sainordú atá againn, mar bhanc ceannais an euro, praghsanna a choimeád cobhsaí. Nuair a bhíonn praghsanna ag ardú go róthapa — i.e. nuair a bhíonn boilsciú ró-ard — cabhraíonn an méadú ar rátaí úis linn boilsciú a thabhairt ar ais chuig ár spriocleibhéal 2% sa mheántéarma. Dá bhrí sin, thosaíomar ag ardú rátaí úis i mí Iúil 2022, agus leanamar ag déanamh amhlaidh go dtí mí Mheán Fómhair 2023, chun an boilsciú a laghdú. Níl ardú chomh láidir céanna ag teacht ar phraghsanna a thuilleadh, agus sin an fáth ar thosaíomar ag laghdú ár rátaí úis de réir a chéile — ach nílimid ag ár spriocleibhéal go fóill.

An bhfuil ceisteanna eile agat faoinár mbeartas airgeadaíochta?

Maoirseacht baincéireachta

Cad is maoirseacht baincéireachta ann?

Is é is aidhm atá leis an maoirseacht baincéireachta Eorpach a áirithiú go bhfuil córas baincéireachta na hEorpa sábháilteacht agus sláine, comhtháthú agus cobhsaíocht airgeadais a mhéadú agus maoirseacht chomhsheasmhach a áirithiú.

Míniú ón mBanc Ceannais Eorpach: Maoirseacht baincéireachta Eorpach
Céard é an Sásra Maoirseachta Aonair (SMA)?

Is é an Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) an córas maoirseacht baincéireachta san Eoraip. Cuimsítear ann an brainse maoirseachta BCE (Maoirseacht Baincéireachta BCE) agus údaráis mhaoirseachta náisiúnta na dtíortha atá rannpháirteach in SMA.

An Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) mínithe i dtrí nóiméad
Cad is féidir liom a dhéanamh má cheapaim go bhfuil sárú déanta ar dhlí an Aontais Eorpaigh a bhaineann le maoirseacht stuamachta?

Molaimid duit aon sárú amhrasta a dhéanann bainc maoirseachta, maoirseoirí baincéireachta náisiúnta nó BCE féin ar dhlí AE a bhaineann le maoirseacht stuamachta na mbanc a thuairisciú go díreach ar ár n-ardán sceithireachta. Áirithíonn an Banc Ceannais Eorpach cosaint iomchuí dóibh siúd a thuairiscíonn sáruithe agus dóibh siúd a gcuirtear ina leith iad, chomh maith le cosaint na sonraí pearsanta uile lena mbaineann.

Conas is féidir liom faisnéis shonrach a iarraidh faoi bhainc a ndéantar maoirseacht orthu?

Measaimid go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh faisnéis inrochtana. Tá sé mar aidhm againn a bheith chomh trédhearcach agus is féidir, fad is a choimeádtar rúndacht maidir leis an mbealach a ndéanaimid ár gcúraimí.

Molaimid duit dul i gcomhairle ar dtús le suíomh gréasáin an bhainc a bhfuil suim agat ann, ós rud é gur gnách go nochtann bainc faisnéis áirithe ina dtuarascálacha bliantúla, ráithiúla nó cuntasachta eile.

Maidir le faisnéis rúnda a bhaineann le bainc aonair atá faoi mhaoirseacht tá an fhaisnéis sin faoi chosaint shonrach mar thoradh ar cheanglais rúndachta gairmiúla a leagtar amach sa dlí Eorpach (e.g. an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil). Mar sin féin, tá an Banc Ceannais Eorpach tiomanta do chumarsáid a dhéanamh go hoscailte nuair is féidir. Chomh maith le preasráitis, óráidí, agallaimh agus foilseacháina fhoilsiú, cuireann an Banc Ceannais Eorpach rochtain ar a Chláir Poiblí Doiciméadar fáil. Leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid BCE (féach Cinneadh BCE/2004/3 an 4 Márta 2004).

Cad iad na bainc a ndéanann an Banc Ceannais Eorpach maoirseacht orthu?

Tugtar institiúidí suntasacha ar bhainc a ndéanann an Banc Ceannais Eorpach maoirseacht dhíreach orthu, agus tugtar institiúidí ar lú a suntas ar na bainc sin a ndéantar maoirseacht indíreach orthu.

Liosta na mbanc faoi mhaoirseacht
Cad é SREP?

Déanann maoirseoirí measúnú ar na rioscaí atá roimh na bainc agus seiceálann siad go bhfuil na bainc in ann na rioscaí sin a bhainistiú i gceart. Tugtar an Próiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP) air sin, agus is é an cuspóir atá leis a áirithiú go ndéanfar próifílí riosca na mbanc a mheasúnú ar bhealach comhsheasmhach ionas gur féidir cinntí a dhéanamh maidir le haon bhearta is gá.

Tuilleadh faoi SREP
Cad is tástáil struis ann?

Baineann maoirseoirí úsáid as tástálacha struis chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na mbanc déileáil le turraingí airgeadais agus eacnamaíochta. Cabhraíonn torthaí na dtástálacha struis le maoirseoirí leochaileachtaí na mbanc a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu go luath mar chuid dá n‑idirphlé maoirseachta.

Tuilleadh faoi thástálacha struis
Conas gcoimeádann an Banc Ceannais Eorpach taifead de rioscaí TF agus cibear‑rioscaí na mbanc?

Leis na heachtraí a tharla le linn na paindéime agus tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, treisíodh a thábhachtaí atá sé seirbhísí criticiúla a chosaint ar chibirionsaithe agus ar éaradh. Chun earnáil airgeadais an Aontais Eorpaigh a dhéanamh níos láidre agus níos athléimní ó thaobh cúrsaí digiteacha de, scrúdaíonn an Banc Ceannais Eorpach neamhchosaintí na mbanc ar rioscaí TF agus déanann sé measúnú ar a gcumas bainistithe riosca. Déantar é sin trí chreat tuairiscithe cibeartheagmhais an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar fhreagairtí na mbanc ar cheistneoir bliantúil maidir le riosca TF. Rinne an Banc Ceannais Eorpach tástáil struis théamach ar chibear-athléimneacht in 2024, ina ndearnadh tástáil ar an gcaoi a bhfreagraíonn bainc do chibearionsaí rathúil agus téarnamh uaidh.

Léigh an t-alt ar bhlag maoirseachta uainn: Athléimneacht na mbanc i gcoinne cibearbhagairtí a fheabhsú — príomhthosaíocht BCE Rioscaí TF agus cibearbhagairtí — príomhbhreathnuithe
Conas a chuireann BCE pionós ar mhí-iompar bainc faoi mhaoirseacht?

Is féidir leis an mBanc Ceannais Eorpach smachtbhannaí a fhorchur, i.e. pionóis airgeadaíochta, ar bhainc a ndéanann sé maoirseacht dhíreach orthu (bhainc shuntasacha mar a thugtar orthu) a sháraíonn dlí an Aontais Eorpaigh atá infheidhme go díreach nó cinntí nó rialacháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Má sháraítear reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear treoracha AE chun feidhme, má dhéanann daoine nádúrtha sáruithe nó más gá pionós neamhairgeadaíochta a fhorchur, féadfaidh BCE iarraidh ar an údarás maoirseachta náisiúnta ábhartha (an t-údarás inniúil náisiúnta nó ÚIN) na himeachtaí ábhartha a sheoladh. Féadfaidh ÚIN na pionóis iomchuí a chinneadh ansin i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme.

Déantar pionóis arna bhforchur ag BCE ina ról maoirseachta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE.

Smachtbhannaí maoirseachta Tuilleadh eolais faoi smachtbhannaí
An bhfuil ceisteanna eile agat faoin maoirseacht baincéireachta?

An euro agus córais íocaíochta

Conas a théann an euro chun sochair dúinne mar shaoránaigh Eorpacha?

Éacht ba ea cruthú an euro lenar tógadh daoine ar fud na hEorpa le chéile agus lenar tugadh deis dóibh taisteal, staidéar agus obair thar lear ar bhealach níos éasca agus le cinnteacht airgeadais níos fearr. Bhí Conradh Maastricht ar cheann de na garspriocanna ba thábhachtaí do lánpháirtiú na hEorpa agus is leis a leagadh síos an bhunchloch do chruthú airgeadra choitinn.

Cén tairbhe atá bainte ag Eorpaigh as an euro?
Céard é an euro digiteach?

Tá an Banc Ceannais Eorpach ag fiosrú an bhféadfaí euro digiteach a thabhairt isteach. Foirm leictreonach airgid a bheadh ann a d’eiseodh an tEurochóras. Airgead bainc ceannais a bheadh ann, agus dá bhrí sin, bheadh sé saor ó riosca. Faoi láthair, is é airgead tirim an t-aon airgid bainc ceannais a úsáidtear le haghaidh íocaíochtaí miondíola. Bealach breise chun íocaíochtaí a dhéanamh in euro a bheadh i gceist leis an euro digiteach. Bheadh an euro digiteach ann in éineacht leis an airgead tirim agus ní chuirfí in ait an airgid thirim é. Bheadh sé inmhalartaithe (ar bhonn duine le duine) le gach cineál eile euro, amhail nótaí bainc.

Ceisteanna coitianta faoi euro digiteach
Cad iad na buntáistí a bhainfeadh leis an euro digiteach?

Bheadh éifeachtúlacht na hionstraime íocaíochta digití agus sábháilteacht airgid bainc ceannais ann araon le euro digiteach. Chabhródh sé leis an Aontas Eorpach a bheith neamhspleách ar mhodhanna íocaíochta digiteacha a eisítear agus a rialaítear taobh amuigh den limistéar euro. Chaomhnófaí cobhsaíocht airgeadais agus ceannasacht airgeadaíochta leis agus chothófaí muinín leis as íocaíochtaí sa ré dhigiteach.

Cén fáth a bhfuil euro digiteach ag teastáil uainn? Tuilleadh eolais faoin euro digiteach
Cén fáth nach criptea-shócmhainn ná cripteamhona cobhsaí a bheadh sa euro digiteach?

Tá criptea‑shócmhainní rídhifriúil le hairgead bainc ceannais: tá a bpraghsanna thar a bheith luaineach, rud a fhágann go mbíonn sé deacair iad a úsáid mar mhodh íocaíochta nó mar aonad cuntais. Níl aon luach intreach ag criptea-shócmhainní agus níl aon institiúid phoiblí ag tacú leo. Tá imní den chineál céanna ann faoi chripteamhonaí: braitheann a n-iontaofacht ar deireadh thiar ar an eintiteas eisiúna agus ar na sócmhainní foluiteacha. Braitheann siad freisin ar an eisitheoir ag coimeád luach na monaí cobhsaí le himeacht ama. Ar an taobh eile, airgead bainc ceannais a bheadh in euro digiteach. Ciallaíonn sé sin go n-eiseodh banc ceannais é agus go mbeadh sé ceaptha chun freastal ar riachtanais na saoránach: thabharfaí urraim leis don phríobháideachas agus bheadh sé saor ó riosca freisin.

Tuilleadh eolais faoin euro digiteach
Cén cruth a bheadh ar euro digiteach?

Tá roinnt bunriachtanais aitheanta ag saineolaithe ón Eurochóras chun cabhrú linn a thuiscint cén chuma a d’fhéadfadh a bheith le euro digiteach. Áirítear orthu sin inrochtaineacht, láidreacht, éifeachtúlacht, slándáil agus príobháideachas sonraí agus comhlíonadh an dlí. Dhearfaí an euro digiteach sa chaoi go mbeifí in ann é a úsáid le modhanna íocaíochta atá ann cheana agus leis sin b’éasca do dhaoine seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí eile a chur ar fáil d'úsáideoirí ar fud na hEorpa.

Cad a bheadh i gceist le euro digiteach? Tuilleadh eolais faoin euro digiteach
Conas a áiritheoidh BCE príobháideachas sonraí úsáideoirí le haghaidh an euro dhigitigh?

Níl aon suim ag an Eurochóras sonraí íocaíochtaí a bhailiú ó úsáideoirí aonair, iompar íocaíochtaí a rianú ná sonraí den chineál sin a roinnt le gníomhaireachtaí rialtais ná institiúidí poiblí eile.

Is dócha go mbeidh ar úsáideoirí iad féin a chur in aithne an chéad uair a bhainfidh siad úsáid as seirbhísí an euro dhigitigh, ach beifear ábalta ardleibhéil phríobháideachais a choinneáil fós dá gcuid íocaíochtaí.

An euro digiteach agus an príobháideachas Tuilleadh eolais faoin euro digiteach
Cén fáth a bhfuil sé beartaithe ag an mBanc Ceannais Eorpach na nótaí bainc euro a athdhearadh?

Is siombail inláimhsithe, infheicthe d’aontacht na hEorpa iad nótaí bainc an euro. Mar chuid den ghnáthphróiseas forbartha nótaí bainc, agus 20 bliain ó tugadh isteach an chéad euro, tá sé in am breathnú arís ar dhearadh nótaí bainc euro.

I mí na Nollag 2021, thosaigh BCE ag scrúdú smaointe maidir le téama nótaí bainc nua mar chéim thosaigh i dtreo nótaí bainc euro a athdhearadh le go mbeadh luí níos mó ag muintir na hEorpa leo, agus le háirithiú ag an am céanna go n-ionchorpróidh na nótaí nua agus a ngnéithe slándála an teicneolaíocht is fearr agus is inbhuanaithe atá ar fáil.

Dhá chéim i ndiaidh a chéile atá sa phróiseas athdheartha: téama nua a roghnú agus dearaí nua a fhorbairt. Tá baint ag an bpobal i gcoitinne le gach céim den phróiseas, agus suirbhéanna á ndéanamh ag BCE agus ag cuideachta taighde ar leith araon.

Táthar ag súil faoi láthair go ndéanfaidh Comhairle Rialaithe BCE cinneadh maidir leis na dearaí nua le haghaidh nótaí bainc euro in 2026.

Tuilleadh eolais faoin bpróiseas athdheartha
An bhfuil nótaí €500 fós bailí?

Ní eisítear nótaí bainc €500 a thuilleadh. Is dlíthairiscint fós iad fós mar sin is féidir iad a úsáid fós mar mhodh íocaíochta agus mar stór luacha. Dála gach ainmníochta nótaí bainc euro, coinneoidh an nóta €500 a luach i gcónaí agus is féidir é a mhalartú in aon bhanc ceannais náisiúnta de chuid an limistéir euro am ar bith.

An féidir liom íomhánna de nótaí bainc euro a úsáid?

Is féidir íomhánna de nótaí bainc euro a úsáid chun críocha neamhghairmiúla gan údarú a fháil roimh ré, chomh fhada agus go gcloíonn tú leis na rialacha uile atá ann cheana le cinntiú nach gceapfar gur fíornóta bainc í an mhacasamhail (féach Airteagal 2 de Chinneadh BCE/2013/10) ós rud é go mbainfeadh sé sin an bonn den mhuinín as an euro.

Más mian leat íomhánna ar ardchaighdeán de nótaí bainc euro a úsáid chun críocha gairmiúla, ní mór duit teagmháil a dhéanamh linn ag euro-banknotes-images@ecb.europa.eu ionas go bhféadfaimid do chás a mheas. Má cheadaítear d’iarratas, seolfar na híomhánna leictreonacha ábhartha chugat.

Céard iad seirbhísí TARGET?

Is éard atá i gceist le Seirbhísí Mhear-aistrithe Ollsocraíocht Fíor-ama Tras-Eorpach Uathoibrithe (TARGET) ná roinnt seirbhísí arna bhforbairt agus arna n-oibriú ag an Eurochóras lena n-áirithítear saorshreabhadh airgid thirim, urrús agus comhthaobhachta ar fud na hEorpa.

Áirítear ar na seirbhísí bonneagair margaidh airgeadais sin an córas T2 (chun íocaíochtaí mórluacha ó bhainc cheannais agus bainc thráchtála a shocrú), an t-ardán Urrúis TARGET2 (T2S) (urrúis a shocrú), an Chóras Íocaíochta Meandraí TARGET (TIPS) (seirbhís le haghaidh íocaíochtaí meandracha miondíola) agus Córas Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (ECMS) (le haghaidh bainistiú comhthaobhachta). Socraíonn na seirbhísí sin go léir in airgead bainc cheannais.

Tabhair do d’aire nach féidir leis an mBanc Ceannais Eorpach ná na bainc cheannais náisiúnta faisnéis a chur ar fáil maidir le stádas aistrithe aonair bainc, cibé acu an aistrithe laistigh den limistéar euro nó aistrithe hidirnáisiúnta iad.

Tuilleadh eolais faoi Sheirbhísí TARGET
Céard é TIPS?

Is seirbhís Mhear-aistrithe Ollsocraíocht Fíor-ama Tras-Eorpach Uathoibrithe (TARGET) é an Córas Socraithe Íocaíochtaí Meandracha (TIPS) a sheol an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta in 2018. Cuireann sé ar chumas soláthraithe seirbhíse íocaíochta aistrithe cistí fíor-ama a thairiscint dá gcustaiméirí ag am ar bith den lá. Mar thoradh ar TIPS, is féidir íocaíochta láithreacha a dhéanamh go tapa agus go sábháilte.

Tuilleadh faoi TIPS
An bhfuil ceisteanna eile agat faoin euro agus faoinár gcórais íocaíochta?

Cad é ár mbeartas um airgead tirim? Cén fáth a bhfuil airgead tirim tábhachtach? Cén chaoi ar maith le daoine sa limistéar euro íocaíochtaí a dhéanamh?

Faigh freagraí do chuid ceisteanna anseo

Cén tábhacht a bhaineann le córais íocaíochta?

Tabhair cuairt ar an rannóg íocaíochtaí agus cobhsaíochta airgeadais ar ár suíomh gréasáin

Athrú Aeráide

Cén fáth ar cás leis an mBanc Ceannais Eorpach an t-athrú aeráide?

Tá spéis mhór againn aghaidh a thabhairt ar rioscaí aeráide ar réimsí laistigh dár sainordú. Tá an t-athrú aeráide tábhachtach dúinn toisc go gcuireann sé isteach ar an ngeilleagar, rud a chuireann isteach ar an sprioc atá againn praghsanna a choinneáil cobhsaí. Bíonn tionchar aige freisin ar an gcaoi a ndéanaimid maoirseacht ar bhainc agus ar an gcaoi a mbainistímid ár neamhchosaint féin ar rioscaí aeráide.

Míniú: Cén fáth ar cás leis an mBanc Ceannais Eorpach an t-athrú aeráide?
Cén chaoi a bhfuil an Banc Ceannais Eorpach ag tabhairt aghaidh ar an athrú aeráide?

Foilsímid faisnéis go rialta faoin gcaoi a bhfuil BCE ag déileáil le saincheist an athraithe aeráide ar ár suíomhanna gréasáin:

An t-athrú aeráide agus an Banc Ceannais Eorpach An t-athrú aeráide agus maoirseacht baincéireachta Cosaint an chomhshaoil sa Bhanc Ceannais Eorpach

An obair nach ndéanaimid

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

An gcuireann an Banc Ceannais Eorpach iasachtaí nó cuntais ar fáil go díreach do dhaoine aonair nó do chuideachtaí?

Ní chuireann. Ní banc tráchtála é an Banc Ceannais Eorpach agus dá bhrí sin, ní chuireann sé seirbhísí baincéireachta ar fáil do dhaoine aonair ná do chuideachtaí. Ní chuirimid iasachtaí ná cuntais reatha agus choigiltis ar fáil, ná níl suíomh gréasáin baincéireachta ar líne againn.

An bhfuil Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh freagrach as cosaint tomhaltóirí agus fruthsciúrtha airgid?

Níl, ní thagann cosaint tomhaltóirí agus cosc ar sciúradh airgid faoi shainchúram BCE. Is iad na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach as na saincheisteanna sin i gcónaí. Má tá gearán le déanamh agat faoi do bhanc, déan teagmháil dhíreach le do bhanc nó cuir do ghearán chuig an údarás náisiúnta lena mbaineann.

Faisnéis faoi fhrithsciúradh airgid

Camscéimeanna agus calaois

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Calaois — mí-úsáid ainm agus lógó an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Ní chuireann an Banc Ceannais Eorpach seirbhísí tráchtála ar fáil. Baintear úsáid as ár gcéannacht uaireanta nuair a bhíonn idirbhearta airgeadais bréagacha nó gníomhaíochtaí caimiléireachta eile ar siúl. D’fhéadfaí aithris a bheith déanta ar bhaill foirne chomh maith nó d’fhéadfaí a n-ainmneacha a bheith luaite i scéimeanna caimiléireachta. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfaí mí-úsáid a bheith bainte as ár n-ainm agus as ár lógó freisin.

Foghlaim tuilleadh faoi mhí‑úsáid ainm an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus faoin méid is féidir leatsa a dhéanamh

Conas is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn?

Is féidir leat aon cheisteanna, tuairimí nó moltaí atá agat maidir lenár gcúraimí agus gníomhaíochtaí a chur chugainn in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Is féidir leat teacht orainn ar an nguthán freisin ó 10:00 go 12:00 agus ó 14:00 go 16:00 CET, Luan go hAoine.

Gach leathanach sa rannóg seo