Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cad é an ráta saoráide taisce?

10 Márta 2016 (tugtha cothrom le dáta an 13 Meán Fómhair 2024)

Is é an ráta saoráide taisce an ráta úis a fhaigheann bainc nuair a thaisceann siad airgead leis an mbanc ceannais thar oíche. 

Tá sé ar cheann de na trí ráta úis a shocraíonn an Banc Ceannais Eorpach gach sé seachtaine mar chuid dá chinntí beartais airgeadaíochta. Is é seo an ráta trína stiúrann an Chomhairle Rialaithe a seasamh maidir le beartas airgeadaíochta. Tá coinne leis go dtiocfaidh forás ar rátaí an mhargaidh airgid i gcóngaracht an ráta saoráide taiscí agus go mbeidh lamháltas do luaineacht éigin chomh fada agus nach bhfágfaidh sé doiléir an comhartha faoin seasamh maidir le beartas airgeadaíochta atá beartaithe. 

Tá dhá phríomhráta úis eile ann: an ráta dár bpríomhoibríochtaí athmhaoinithe agus an ráta ar an tsaoráid iasachta imeallach. Sainmhíníonn an príomhráta oibríochtaí athmhaoinithe an costas ar a bhféadfaidh bainc iasachtaí a fháil ón mbanc ceannais ar feadh tréimhse aon seachtaine amháin. Má bhíonn airgead de dhíth ar bhainc thar oíche, is féidir leo iasacht a fháil ón tsaoráid iasachta imeallach ar ráta níos airde.