Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 14 Aibreán 2022

Dia dhaoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Tá daoine ag fulaingt go mór mar thoradh ar fhogha na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Tá sé ag cur isteach ar an ngeilleagar freisin, san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tá an choimhlint agus an éiginnteacht a bhaineann léi ag baint de mhisneach gnólachtaí agus tomhaltóirí. Tá ganntanais nua ábhar agus ionchur ann de dheasca suaití trádála. Tá éileamh ag laghdú agus tá táirgeadh srianta mar thoradh ar phraghsanna fuinnimh agus tráchtearraí atá ag ardú go mór. Beidh forbairt an gheilleagair ag brath go mór ar an éabhlóid a thiocfaidh ar an gcoimhlint, ar thionchar na smachtbhannaí atá anois ann, agus ar bhearta breise féideartha. Ag an am céanna, tá athoscailt an gheilleagair i ndiaidh thréimhse géarchéime na paindéime ag cur fós leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch. Tá ardú suntasach tagtha ar bhoilsciú agus fanfaidh sé ag leibhéal ard sna míonna atá romhainn, mar thoradh ar an ardú géar ar chostais fuinnimh den chuid is mó. Tá brú boilscithe méadaithe i mórán earnálacha.

Ag ár gcruinniú inniu, bhreithníomar go dtacaíonn na sonraí a tháinig isteach ó bhí ár gcruinniú deireanach againn lenár n‑ionchas gur cheart go gcuirfí deireadh le glancheannacháin sócmhainní faoinár gclár ceannaithe sócmhainní sa tríú ráithe. Agus sinn ag féachaint chun tosaigh, beidh beartas airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag brath ar na sonraí a thiocfaidh isteach agus ar ár measúnú ar an ionchas, measúnú a dtiocfaidh éabhlóid air ar feadh an ama. Agus dálaí ardéiginnteachta ann faoi láthair, coimeádfaimid roghnaíocht, cur chuige céimnitheach agus solúbthacht sa bheartas airgeadaíochta. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe pé gníomh is gá chun sainordú an Bhainc Ceannais Eorpaigh a chomhlíonadh, is é sin, cobhsaíocht praghsanna a shaothrú agus cur le coimirce na cobhsaíocht airgeadais.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar bhoilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Tháinig fás 0.3 faoin gcéad ar gheilleagar an limistéir euro sa ráithe dheireanach de 2021. Meastar go raibh fás lag sa chéad ráithe de 2022 agus gur srianta a bhain leis an bpaindéim ba chúis leis sin, den chuid is mó.

Is léir ó roinnt táscairí go mbeidh fás mall sa tréimhse atá romhainn. Tá an cogadh, agus an éiginnteacht a bhaineann leis, ag baint de mhisneach gnólachtaí agus tomhaltóirí. Agus praghsanna fuinnimh agus tráchtearraí ag ardú go géar, tá costas maireachtála níos airde ann do theaghlaigh agus tá costais táirgthe níos airde ann do ghnólachtaí. Tá scrogaill soláthair nua ann de dheasca na paindéime agus tá na bearta nua paindéime san Áise ag cur le deacrachtaí sa slabhra soláthair. Tá níos mó deacrachtaí i roinnt earnálacha ionchuir a aimsiú, rud atá ag cur isteach ar tháirgeadh. Tá táscairí fritháirimh ann freisin, áfach, atá ina mbun leis an téarnamh atá ann faoi láthair, amhail bearta cúitimh fioscacha agus an fhéidearthacht atá ann go n-úsáidfidh teaghlaigh coigiltis a chruinnigh siad le linn na paindéime. Thairis sin, beidh tacaíocht ann fós d’ioncam agus do chaiteachas mar thoradh ar athoscailt na n‑earnálacha sin ba mhó a bhí thíos leis an bpaindéim, agus de bharr an mhargaidh saothair láidir ina bhfuil post ag níos mó daoine.

Tá tacaíocht beartais fhioscaigh agus airgeadaíochta fós ríthábhachtach go háirithe sa staid dheacair gheopholaitiúil seo. Sa bhreis air sin, cuirfear borradh faoin aistriú fuinnimh agus faoin aistriú glas le cur chun feidhme rathúil na bpleananna infheistíochta agus athchóirithe faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go mbeadh sé sin ina chuidiú chun fás fadtéarmach agus athléimneacht a fheabhsú sa limistéar euro.

Boilsciú

Tháinig ardú ar bhoilsciú go 7.5 faoin gcéad i mí an Mhárta, ó 5.9 faoin gcéad i mí Feabhra. Tháinig ardú ar phraghsanna fuinnimh tar éis thús an chogaidh agus tá siad anois 45 faoin gcéad níos airde ná an leibhéal ag a raibh siad bliain ó shin. Tá na praghsanna sin fós ina bpríomhchúis leis an ráta ard boilscithe. Tugtar le fios sna táscairí margaidh go mbeidh praghsanna fuinnimh fós ard sa ghearrthéarma ach go modhnóidh siad go pointe áirithe. Tá ardú géar tagtha ar phraghsanna bia freisin. Costais arda iompair agus táirgthe is cúis leis sin, go háirithe an praghas ard leasachán a bhfuil baint áirithe ag an gcogadh san Úcráin leis.

Tá arduithe praghsanna níos forleithne anois. Tá praghsanna á mbrú suas i mórán earnálacha de dheasca costais fuinnimh níos airde. Tá brú aníos ar phraghsanna freisin mar thoradh ar scrogaill soláthair agus normalú an éilimh agus an geilleagar ag oscailt arís. Tá measúnuithe ar an mboilsciú bunúsach ardaithe go leibhéil níos airde ná dó faoin gcéad le roinnt míonna anuas. Tá éiginnteacht ann maidir lena bhuaine is atá an t‑ardú ar na táscairí seo, i bhfianaise thionchar na ngnéithe sealadacha a bhain leis an bpaindéim agus éifeachtaí indíreacha praghsanna fuinnimh.

Tá an margadh saothair ag feabhsú fós agus tháinig laghdú ar dhífhostaíocht go 6.8 faoin gcéad i mí Feabhra, leibhéal an-íseal ó thaobh na staire de. Tuigtear ó líon na bhfógraí poist i mórán earnálacha go bhfuil éileamh láidir ann le haghaidh saothair, ach tá fás pá fós maolaithe ar an iomlán. Le himeacht aimsire, ba cheart go mbeidh tacaíocht ann d’fhás tapa ar phá nuair a bheidh an geilleagar ag feidhmiú ag lánacmhainn arís. Seasann measúnuithe éagsúla ar an ionchais boilscithe fadtéarmach (a díorthaíodh ó mhargaidh airgeadais agus ó shuirbhéanna ar shaineolaithe) ag leibhéal thart ar dhó faoin gcéad, ach is fiú monatóireacht ghéar a dhéanamh ar chomharthaí luatha ar athbhreithnithe thar an sprioc sna measúnuithe sin.

Measúnú riosca

Tá méadú suntasach tagtha ar na rioscaí fáis ar an taobh thíos mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin. Cé go bhfuil maolú tagtha ar rioscaí a bhaineann leis an bpaindéim, d’fhéadfadh tionchar ní ba láidre a bheith ag an gcogadh ar sheintimint eacnamaíoch agus d’fhéadfadh srianta ar thaobh an tsoláthair éirí ní ba mheasa arís dá dheasca. D’fhéadfadh laghdú teacht ar éileamh agus d’fhéadfadh teorainn a bheith le tomhaltas agus le hinfheistíocht, ar leibhéal ní ba mhó ná mar a rabhthas ag súil leis, de dheasca costais arda fuinnimh sheasmhacha chomh maith le caillteanas muiníne.

Tá géarú ar na rioscaí ar an taobh thuas maidir leis an ionchas boilscithe freisin, go háirithe sa ghearrthéarma. I measc na riosca atá ann don ionchas boilscithe meántéarmach, áirítear athruithe thar an sprioc ar ionchais bhoilscithe, arduithe pá ní b’airde ná mar a measadh, agus dálaí soláthair a rachadh in olcas ar bhonn seasmhach. Dá dtiocfadh laghdú ar éileamh sa mheántéarma, áfach, laghdódh sé sin an brú atá ar phraghsanna.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tá margaí airgeadais an-luaineach ó thosaigh an cogadh agus ó cuireadh smachtbhannaí airgeadais i bhfeidhm. Tá ardú tagtha ar rátaí úis margaidh mar fhreagairt ar an ionchas athraitheach ar bheartas airgeadaíochta, ar an timpeallacht mhaicreacnamaíoch agus ar dhinimic bhoilscithe. Tá costais mhaoinithe bainc ag ardú i gcónaí. Ag an am céanna, ní raibh aon bhrú géar ann sna margaidh airgid, ná aon ghanntanas leachtachta i gcóras baincéireachta an limistéir euro.

Cé go bhfuil rátaí iasachtaithe bainc do ghnólachtaí agus do theaghlaigh fós íseal, táthar ag tosú an t‑ardú ar rátaí úis margaidh a léiriú iontu anois. Tá iasachtú do theaghlaigh fós thart ar an leibhéal céanna, iasachtú le haghaidh ceannacháin tí go háirithe. Tá cobhsaíocht ann anois i sreabha iasachtaithe chuig gnólachtaí.

Tuairiscítear sa suirbhé iasachtaithe bainc is déanaí dár gcuid gur daingníodh caighdeáin chreidmheasa le haghaidh iasachtaí do ghnólachtaí agus le haghaidh iasachtaí tithíochta ar an iomlán sa chéad ráithe den bhliain, agus imní níos mó ar iasachtóirí faoi na rioscaí atá roimh a gcustaiméirí sa timpeallacht éiginnte seo. Meastar go ndaingneofar caighdeáin chreidmheasa tuilleadh sna míonna atá romhainn, agus bainc ag cur san áireamh an tionchair dhiúltaigh eacnamaíoch atá ag fogha na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus costais fuinnimh níos airde.

Conclúid

Mar achoimre, tá an cogadh san Úcráin ag cur isteach go mór ar gheilleagar an limistéir euro agus tá i bhfad níos mó éiginnteachta ann dá dheasca. Beidh tionchar an chogaidh ar an ngeilleagar ag brath ar an éabhlóid a thiocfaidh ar an gcoimhlint, ar thionchar na smachtbhannaí atá anois ann, agus ar bhearta breise féideartha. Tá ardú suntasach tagtha ar bhoilsciú agus fanfaidh sé ag leibhéal ard sna míonna atá romhainn, mar thoradh ar an ardú géar ar chostais fuinnimh den chuid is mó. Táimid ag tabhairt an‑aird ar na héiginnteachtaí atá ann faoi láthair agus ag déanamh monatóireacht ghéar ar na sonraí a thagann isteach ó thaobh na n‑impleachtaí atá acu dár n‑ionchas boilscithe meántéarmach. Beidh calabrú ár mbeartas uile ag brath ar shonraí i gcónaí agus beidh sé ina léiriú ar ár measúnú athraitheach ar an ionchas. Táimid réidh lenár n‑ionstraimí uile a choigeartú, laistigh dár sainordú agus solúbthacht á cur san áireamh, chun a áirithiú go gcobhsófar boilsciú ag ár sprioc, is í sin dó faoin gcéad sa mheántéarma.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar a cinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa