Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Séanadh & cóipcheart

Séanadh

Déanann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) cothabháil ar an suíomh gréasáin seo chun feabhas a chur ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoina ghníomhaíochtaí agus faoi ghníomhaíochtaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC), faoina chúraimí agus faoina fhreagrachtaí maoirseachta. Is é an sprioc atá againn an fhaisnéis sin a choinneáil tráthúil agus cruinn. É sin ráite, ní ghlacann an Banc Ceannais Eorpach aon fhreagracht ná aon dliteanas maidir leis an ábhar ar an suíomh gréasáin seo.

Maidir leis an ábhar seo:

  • is faisnéis de chineál ginearálta í agus níl sé i gceist léi aghaidh a thabhairt ar imthosca sonracha aon duine ar leith ná aon eintitis ar leith
  • nasctar ábhar an tsuímh gréasáin seo uaireanta le suíomhanna gréasáin seachtracha nach bhfuil aon smacht ag an mBanc Ceannais Eorpach orthu agus nach nglacann an Banc Ceannais Eorpach aon fhreagracht air féin ina leith
  • ní comhairle ghairmiúil ná dlí í

Cé go bhfuil ráta gearrthéarmach an euro (€STR), rátaí tagartha malairte eachtraí an euro agus faisnéis eile faoi phraghsanna a fhoilsítear ar an suíomh gréasáin seo bunaithe ar fhoinsí a mheasann an Banc Ceannais Eorpach a bheith iontaofa, ní ghlacann an Banc Ceannais Eorpach aon fhreagracht ná dliteanas as aon chaillteanas, damáiste, costas ná éileamh a thabhaítear i ndáil le haon chinneadh nó gníomh nó neamhghníomh de chuid aon pháirtí atá ag brath ar an bhfoilsiú sin. Go háirithe, ní ghlacann an Banc Ceannais Eorpach le haon fhreagracht ná dliteanas as aon chaillteanas eacnamaíoch ná as aon chaillteanas ná damáiste indíreach nó iarmhartach lena n-áirítear, gan teorainn, caillteanas gnó agus caillteanas brabús, mar iarmhairt dhíreach nó indíreach ar fhoilsiú na rátaí nó na faisnéise eile faoi phraghsanna ag an mBanc Ceannais Eorpach, nó i dtaca leis an bhfoilsiú sin, lena n-áirítear minicíocht an fhoilsithe sin nó úsáid na rátaí agus na faisnéise eile faoi phraghsanna ag aon duine.

Tabhair do d'aire nach bhfuil aon chinnteacht ann go ndéanfaidh doiciméid nó faisnéis eile atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo téacsanna a glacadh go hoifigiúil a atáirgeadh go cruinn agus go beacht. Ní mheastar ach ionstraimí dlí BCE arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus doiciméadacht eile agus/nó sonraí eile de chuid BCE arna bhfoilsiú ag BCE a bheith barántúil.

Tá sé mar sprioc againn an cur isteach a thagann as earráidí teicniúla a íoslaghdú. É sin ráite, ní féidir leis an mBanc Ceannais Eorpach a ráthú nach gcuirfidh fadhbanna den sórt sin isteach ar a sheirbhís ná nach ndéanfaidh siad difear di ar shlí eile. Ní ghlacann an Banc Ceannais Eorpach aon fhreagracht maidir le fadhbanna ar bith a thagann chun cinn mar thoradh ar an suíomh gréasáin seo nó aon suíomh gréasáin seachtrach atá nasctha leis a úsáid.

Níl sé i gceist leis an séanadh seo teorainn a chur le dliteanas an Bhainc Ceannais Eorpaigh de shárú ar aon cheanglas atá leagtha síos sa dlí náisiúnta is infheidhme ná a dhliteanas a eisiamh maidir le hábhair nach féidir a eisiamh faoin dlí sin. Tá an séanadh seo gan dochar don séanadh maidir le ráta gearrthéarmach an euro (€STR).

Má théann tú isteach ar aon chuid den suíomh gréasáin seo, measfar go bhfuil glactha agat leis an méid thuas.

Cóipcheart

Cóipcheart © d’ábhar iomlán an tsuímh gréasáin seo: An Banc Ceannais Eorpach, Frankfurt am Main, an Ghearmáin.

Faoi réir na heisceachta thíos, féadfaidh úsáideoirí an tsuímh gréasáin seo an fhaisnéis a fhaightear go díreach uaidh a úsáid saor in aisce faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

  1. Nuair a dhéantar faisnéis den sórt sin a dháileadh nó a atáirgeadh, ní mór í a bheith leagtha amach go cruinn agus ní mór an Banc Ceannais Eorpach a lua mar fhoinse.
  2. I gcás ina bhfuil an fhaisnéis ionchorpraithe i ndoiciméid a dhíoltar (beag beann ar an meán), ní mór don duine nádúrtha nó dlítheanach a fhoilsíonn an fhaisnéis ceannaitheoirí a chur ar an eolas, sula n-íocann siad aon síntiús nó táille agus gach uair a fhaigheann siad rochtain ar an bhfaisnéis a thógtar ón suíomh gréasáin seo, gur féidir an fhaisnéis a fháil saor in aisce tríd an suíomh gréasáin seo.
  3. Má dhéanann an t-úsáideoir an fhaisnéis a mhionathrú (e.g. trí choigeartú séasúrach a dhéanamh ar shonraí staidrimh nó trí rátaí fáis a ríomh), ní mór é sin a lua go sainráite.
  4. Agus nasc á dhéanamh leis an suíomh gréasáin seo ó shuíomhanna gnó nó chun críocha poiblíochta, ní mór don suíomh gréasáin seo lódáil i bhfuinneog iomlán an bhrabhsálaí (i.e. níor cheart go mbeadh sé le feiceáil i bhfráma suímh gréasáin eile).

Mar eisceacht ar an méid thuas, ní cheadaítear aon atáirgeadh, foilsiú ná athchló, go hiomlán nó go páirteach, ar dhoiciméid a bhfuil ainm a n-údar orthu, amhail Páipéir Oibre an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus Páipéir Ócáideacha an Bhainc Ceannais Eorpaigh, i bhfoirm foilseacháin eile (cibé acu a dhéantar a phriontáil nó a tháirgeadh go leictreonach) ach amháin le húdarú sainráite i scríbhinn roimh ré ón mBanc Ceannais Eorpach nó ó na húdair.

Úsáid ainm agus lógónna

Is eol don Bhanc Ceannais Eorpach go bhfuil a ainm agus a lógónna á mí-úsáid níos mó agus níos mó ag tríú páirtithe éagsúla i dtaca le hidirbhearta airgeadais bréige agus gníomhaíochtaí calaoiseacha eile. I gcásanna áirithe, sonraítear fiú gurb é an Banc Ceannais Eorpach an banc trína ndéanfar íocaíochtaí nó idirbhearta.

I ndáil leis sin, ba mhaith leis an mBanc Ceannais Eorpach a shoiléiriú nach gcuireann sé seirbhísí baincéireachta tráchtála ar fáil do dhaoine aonair ná d’eintitis chorparáideacha, agus, go háirithe, nach mbailíonn sé táillí aistrithe trasteorann ná nach nglacann sé le taiscí ó na páirtithe sin, ná nach n-eisíonn sé aon deimhnithe chun cistí a scaoileadh. Dá bhrí sin, molann an Banc Ceannais Eorpach don phobal gan teagmháil a bhunú le tionscnóirí fiontar den sórt sin agus gan airgead a sheoladh nó gan sonraí bainc nó cárta creidmheasa a nochtadh d’aon duine a mhaíonn go ndéanann sé ionadaíocht ar an mBanc Ceannais Eorpach nó go bhfuil caidreamh baincéireachta aige leis an mBanc Ceannais Eorpach.

Is mian leis an mBanc Ceannais Eorpach a chur ina luí freisin nach féidir freagracht a chur air má bhaintear mí-úsáid as a ainm, a lógónna nó a sheoladh i scéimeanna atá ceaptha calaois a dhéanamh ar an bpobal. Má fheiceann nó má fhaigheann duine den phobal doiciméadacht amhrasach a thagraíonn don Bhanc Ceannais Eorpach, nó doiciméadacht a bhfuiltear a mhaíomh go dtagann sí ón mBanc Ceannais Eorpach, ba cheart dó nó di í a thuairisciú láithreach don údarás forfheidhmithe dlí áitiúil nó comhairle a lorg ó na húdaráis náisiúnta ábhartha.

Tuilleadh eolais faoi mhí-úsáid ainm agus lógó an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Gach leathanach sa rannóg seo