Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Eanáir 2024
Cad a chinneamar?
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Ní dhearnamar athrú ar bith ar ár n-eochair-rátaí úis
Tá na harduithe a chuireamar ar rátaí úis san am atá thart ag cuidiú le boilsciú a bhrú síos. Braithfidh na cinntí a dhéanfar amach anseo ar an gcaoi a bhfeicfimid an geilleagar agus an boilsciú ag forbairt.
Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Ar an mórgóir, tá laghdú fós ag teacht ar bhoilsciú
Níl ardú chomh mór ag teacht ar phraghsanna bia, earraí agus seirbhísí le hais mar a bhí cheana. Tá praghsanna fuinnimh ag titim, ach ag ráta níos moille anois.
Tá an geilleagar lag faoi láthair
Táimid ag súil go dtéarnóidh sé de réir a chéile le himeacht ama. Ach tá éiginnteacht níos mó ag baint leis an todhchaí mar gheall ar choinbhleachtaí réigiúnacha agus a gcuid éifeachtaí ar thrádáil.
Tá an laige reatha seo le brath ar fud an gheilleagair
Tá a dtáirgeadh laghdaithe arís ag gnólachtaí tionsclaíocha agus tá laghdú eile ar líon a ndíolachán feicthe ag miondíoltóirí.
Tá post ag go leor daoine
Tá an dífhostaíocht ar ais ar an leibhéal is ísle ó tugadh isteach an euro. Tá níos mó daoine ag cuardach post agus á bhfáil. Ach tá laghdú tagtha ar líon na ngnólachtaí a bhfuil folúntais á bhfógairt acu.
Tá daoine agus gnónna ag déanamh athmhachnaimh ar a gcuid pleananna toisc go bhfuil sé costasach airgead a fháil ar iasacht
Fágann rátaí úis níos airde go bhfuil méadú tagtha ar na costais a bhaineann le hairgead a fháil ar iasacht. Agus tá sé tar éis éirí beagán níos deacra iasachtaí a fháil ó bhainc freisin.
Féach ar na mionsonraí
CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA
Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.
PreasráiteasRÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA
Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.
Ráiteas beartais airgeadaíochta