Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Boris Vujčić
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS MAIDIR LEIS AN MBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Boris Vujčić, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, 23 Iúil 2026

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid seo.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Cé go bhfuil an t-ionchas maidir le praghsanna fuinnimh an-luaineach, tá sé fós gar don bhonnlíne i réamh-mheastacháin foirne an Eurochórais do mhí an Mheithimh agus i bhfad os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an gcoinbhleacht sa Mheánoirthear. Leanann an éiginnteacht de bheith ard agus tá tionchar boilscitheach iomlán an tsuaite fuinnimh a eascraíonn as fós le feiceáil amach anseo. Déanfaimid dlúthfhaireachán ar dhéine agus ar fhad an tsuaite, mar aon le méid na n-éifeachtaí indíreacha agus dara babhta a bhaineann leis. Táimid meáite ar an mbeartas airgeadaíochta a leagan síos chun deimhin a dhéanamh de go gcobhsaíonn an boilsciú ag an sprioc atá againn don mheántéarma, mar atá, a dó faoin gcéad.

Leis an gcinneadh seo inniu, táimid in áit mhaith le dul i ngleic leis an éiginnteacht atá ann mar gheall ar an gcoinbhleacht. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.

Tá na cinntí a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá le fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú. Ina dhiaidh sin, míneoidh mé an measúnú atá déanta againn ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Léirítear leis an bhfaisnéis is déanaí go bhfuil feabhas éigin tagtha ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch sa dara ráithe, cé gur dúshlán fós í an choinbhleacht sa Mheánoirthear. Léirítear i suirbhéanna gur tháinig téarnamh páirteach ar ghníomhaíocht san earnáil seirbhísí, i ndiaidh lagú suntasach díreach tar éis an tsuaite fuinnimh. Tá láidreacht le feiceáil i seirbhísí digiteacha, i bpáirt mar gheall ar an rannchuidiú méadaitheach ó ghníomhaíocht a bhaineann leis an intleacht shaorga. Tá earnáil na déantúsaíochta láidir fós, toisc go bhfuil gnólachtaí ag cur lena bhfardail chun déileáil le brúnna ar an slabhra soláthair, mar aon le caiteachas breise ar chosaint. Sheas an ráta dífhostaíochta ag 6.2% i mí Bealtaine, gar don leibhéal is ísle dá raibh ann riamh. Ag an am céanna, lean líon na bhfógraí poist de bheith ag laghdú agus measann gnólachtaí agus teaghlaigh go mbeidh an margadh saothair níos laige ná mar a bhí roimh an gcoinbhleacht.

Tugann táscairí réamhbhreathnaitheacha le fios go bhfanfaidh fás eacnamaíoch measartha sa ghearrthéarma agus an suaitheadh fuinnimh agus éiginnteachtaí gaolmhara ag cur isteach air. Mar sin féin, tá na príomhspreagthaí ar an bhfás sa mheántéarma slán fós. Ba cheart go gcuirfeadh tomhaltas príobháideach, caiteachas rialtais ar chosaint agus ar bhonneagar, agus téarnamh ar onnmhairí ar fad leis an móiminteam fáis.

Iarann an Chomhairle Rialaithe an athuair go ndéanfaí beart chun geilleagar an limistéir euro a neartú agus airgeadas poiblí fónta á choinneáil ar bun an tráth céanna. Is príomhbhloic thógála iad na rialacha ar fud Mhargadh Aonair an Aontais a shimpliú agus a chomhchuibhiú, dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus an t-aontas coigiltis agus infheistíochta a thabhairt chun críche. Ba cheart go mbeadh freagairtí fioscacha ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh sealadach, spriocdhírithe agus in oiriúint. Cloch mhíle mhór chun an euro digiteach a bhunú a bhí sa vóta dearfach i bParlaimint na hEorpa níos luaithe an mhí seo. Is díol sásaimh dúinn an cuspóir comhroinnte atá ag an bParlaimint, Comhairle AE agus an Coimisiún teacht ar chomhaontú maidir leis an bPacáiste Airgeadra Aonair faoi dheireadh na bliana seo. Beidh an euro digiteach ina rogha mhalartach ar airgead tirim, rud a thugann rogha íocaíochta i bhfoirm dhigiteach ar fud an limistéir euro.

Boilsciú

Tháinig laghdú ar an mboilsciú go 2.8 faoin gcéad i mí an Mheithimh, ó 3.2 faoin gcéad i mí Bealtaine. Tháinig laghdú ar an mboilsciú praghsanna fuinnimh go 8.5 faoin gcéad, tar éis ráta 10.8 faoin gcéad i mí Bealtaine, agus tháinig laghdú ar an mboilsciú praghsanna bia ó 1.9 faoin gcéad go 1.5 faoin gcéad. Tháinig laghdú ar an mboilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh go dtí 2.4 faoin gcéad, ó 2.6 i mí Bealtaine, agus tháinig laghdú ar an mboilsciú earraí ó 0.9 faoin gcéad go dtí 0.7 faoin gcéad agus ar an mboilsciú seirbhísí ó 3.5 faoin gcéad go 3.2 faoin gcéad.

Tá tionchar ag an suaitheadh fuinnimh fós ar phraghsanna níos airde. Tá sé ag éirí níos costasaí do ghnólachtaí ionchuir a fháil agus measann siad go mbeidh orthu a bpraghsanna díola a ardú mar sin. Cé go raibh forbairtí sa bhoilsciú bunúsach srianta go dtí seo, tá éifeachtaí iomlána an tsuaite fuinnimh le feiceáil fós. Tugann rianaire pá BCE agus suirbhéanna ar ionchais phá le fios go dtiocfaidh maolú ar an bhfás pá sna ráithí atá le teacht. Chuidigh táirgiúlacht oibre atá ag dul i méid le srian a choinneáil ar an bhfás i gcostais aonad saothair. Tá ionchais maidir leis an mboilsciú sa ghearrthéarma fós ag leibhéil ardaithe. De réir fhormhór na slat tomhais maidir le hionchais bhoilscithe, is ráta 2 faoin gcéad nó mar sin a bheidh ann san fhadtéarma, rud atá ag teacht le cobhsú an bhoilscithe thart ar an sprioc sa mheántéarma.

Cé gur tháinig laghdú ar an mboilsciú maidir le praghsanna fuinnimh i mí an Mheithimh, is dócha go mbeidh an boilsciú i bhfad os cionn na sprice sa chéad leath de 2027 mar gheall ar thionchar an bhoilscithe maidir le praghsanna fuinnimh ar an mboilsciú praghsanna bia, earraí agus seirbhísí. Ba cheart ansin go dtiocfadh laghdú ar an mboilsciú, agus cuideoidh praghsanna fuinnimh ag titim agus méaduithe níos moille ar phraghsanna eile leis sin. Mar sin féin, is foinse mhór éiginnteachta fós í an choinbhleacht. Táimid ag déanamh dlúthfhaireachán mar sin ar mhéid agus ar sheasmhacht an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh, agus an tionchar a bheidh aige ar shocrú praghsanna agus pá, ionchais bhoilscithe, agus dinimic fhoriomlán eacnamaíoch.

Measúnú riosca

Tá na rioscaí a bhaineann leis an ionchas fáis ar an taobh thíos. Cé gur rinneadh an chéad iarracht leis an Meabhrán Tuisceana an choinbhleacht idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin a réiteach, tháinig dúshláin athnuaite ar ais le seachtainí beaga anuas agus tá an staid gheopholaitiúil fós leochaileach ann. D’fhéadfadh suaitheadh athnuaite ar sholáthairtí fuinnimh na praghsanna fuinnimh a ardú tuilleadh agus ar feadh tréimhse níos faide ná mar a bhíothas ag dréim leis. Chuirfeadh sin isteach ar fhíorioncaim, caiteachas agus infheistíocht. D’fhéadfadh meathlú ar mheon an mhargaidh airgeadais dhomhanda nó soláthar creidmheasa níos géire éileamh a mhaolú tuilleadh. D’fhéadfadh tuilleadh easaontas sa trádáil idirnáisiúnta cur isteach a thuilleadh ar shlabhraí soláthair, onnmhairí a laghdú agus tomhaltas agus infheistíocht a lagú. Is údar mór éiginnteachta i gcónaí iad teannais gheopholaitiúla, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Os a choinne sin, d’fhéadfadh go mbeadh fás níos airde i gceist sa chás ina gcuirfeadh an geilleagar agus na margaí fuinnimh iad féin in oiriúint níos tapúla ná mar a bhíothas ag dréim leis don chur isteach mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear nó dá réiteofaí an choinbhleacht go hinbhuanaithe. Anuas air sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí fás a ardú níos mó ná mar atá coinne leis mar gheall ar chaiteachas cosanta agus bonneagair beartaithe, athchóirithe chun táirgiúlacht a fheabhsú, an Margadh Aonair a thabhairt chun críche agus gnólachtaí sa limistéar euro a bheith ag glacadh le teicneolaíochtaí nua.

Is ar an taobh thuas atá na rioscaí a bhaineann leis an ionchas boilscithe. D’fhéadfadh an suaitheadh fuinnimh a bheith níos géire agus a héifeachtaí ar phraghsanna agus pá eile níos láidre ná mar a bhíothas ag dréim leis. Dá fhaide a leanann na praghsanna fuinnimh de bheith ard, is ea is dóchúla go gcuirfeadh siad leis an mboilsciú ina iomláine trí éifeachtaí indíreacha agus dara babhta. D’fhéadfadh teannas leanúnach trádála a bheith ina chúis le slabhraí soláthair domhanda níos ilroinnte, soláthar amhábhar criticiúil a chiorrú agus srianta acmhainneachta i ngeilleagar an limistéir euro a lagú. D’fhéadfadh méadú níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis teacht ar phraghsanna bia de dheasca adhaimsire – mar a léirítear leis na tonnta teasa atá ann faoi láthair – agus na ngéarchéimeanna aeráide agus dúlra atá ag teacht chun cinn i gcoitinne. Os a choinne sin, d’fhéadfadh an boilsciú a bheith níos ísle dá réiteofaí an choinbhleacht sa Mheánoirthear go hinbhuanaithe nó sa chás nach mbeadh na héifeachtaí indíreacha agus dara babhta chomh suntasach céanna. D’fhéadfadh margaí airgeadais níos luainí a bhfuil col riosca níos mó acu cur isteach ar an éileamh agus an boilsciú a laghdú freisin dá bhrí sin.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tá na dálaí airgeadais foriomlána beagán níos doichte ó bhí an cruinniú deireanach againn, rud atá comhsheasmhach leis an méadú ar eochair-rátaí úis BCE. Níor tháinig athrú ar rátaí iasachtaithe na mbanc do ghnólachtaí agus ar an gcostas a bhaineann le fiachas margadhbhunaithe a eisiúint i mí Bealtaine agus iad ag 3.6 faoin gcéad agus 4.0 faoin gcéad faoi seach. Tháinig ardú ar an ráta fáis bliantúil ar iasachtú bainc do ghnólachtaí go 4.0 faoin gcéad, ó 3.4 faoin gcéad i mí Aibreáin, ach maolaíodh go páirteach é seo ag fás níos moille ar eisiúint bannaí corparáideacha, a thit ó 4.5 faoin gcéad go 3.4 faoin gcéad. Rinneadh na caighdeáin chreidmheasa le haghaidh iasachtaí gnó níos doichte sa dara ráithe, mar a tuairiscíodh sa suirbhé is déanaí uainn maidir le hiasachtú bainc don limistéar euro. Tháinig ardú beag ar an éileamh ar iasachtaí do ghnólachtaí, mar gheall ar riachtanais caipitil oibre níos airde agus iasachtaíocht le haghaidh infheistíocht sheasta ag gnólachtaí móra.

Tháinig ardú ar rátaí morgáiste go 3.5 faoin gcéad i mí Bealtaine, tar éis 3.4 faoin gcéad i mí Aibreáin, agus tháinig ardú beag ar fhás an iasachtaithe morgáiste go 3.1 faoin gcéad. Tháinig géarú ar na caighdeáin chreidmheasa le haghaidh morgáistí sa dara ráithe agus imní níos mó ag na bainc anois faoi na rioscaí atá roimh a gcustaiméirí agus nach bhfuil siad féin chomh toilteanach céanna rioscaí a ghlacadh. Tháinig laghdú ar an éileamh ar mhorgáistí mar gheall ar mhuinín na dtomhaltóirí ag dul in olcas agus rátaí boilscithe níos airde.

Focal scoir

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Táimid meáite ar an mbeartas airgeadaíochta a leagan síos chun deimhin a dhéanamh de go gcobhsaíonn an boilsciú ag an sprioc atá againn don mheántéarma, mar atá, a dó faoin gcéad. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár gcuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh den sainordú atá againn chun a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach agus chun dea-fheidhmiú tharchur an beartais airgeadaíochta a choimeád slán.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa